3. Vailintín ab ainm
do shagart a
mhair fadó, fadó.
Ceaptar go
bhféachann sé
cosúil leis an
bhfear sa phictiúr
seo.
4. Seo scéal Vailintín, scéal a
léireoidh conas go mbeadh sé
chomh speisialta sin go bhfuil
lá ainmnithe ina dhiaidh. Bhí
Vailintín ag maireachtaint níos
mó ná 1000 bliain ó shin.
5. Fadó, fadó bhí impire ann dárb ainm
Claudius. Bhí sé ina chónaí sa Róimh
i bpálás ollmhór.
6. Theastaigh ó Claudius go mbeadh an-
chuid fir ina airm chun dul ag troid
ar a shon i dtíortha difriúla.
7. Níor theastaigh ó bhformhór na fir
dul ag troid mar bheidís scartha óna
gclann agus mná céile.
8. Chuir sé seo fearg ar
Claudius agus
bheartaigh sé dlí nua a
dhéanamh ag rá nách
bhféadfadh daoine
pósadh. Cheap sé muna
mbeadh mná céile agus
páistí ag na fir go
mbeadh níos mó fonn
orthu dul isteach ina
airm.
9. Sagart abea Vailintín.
Ceann dena postanna a
bhí aige ná daoine a
phósadh. Cé gur chuir
Claudius cosc ar
dhaoine pósadh bhí
Vailintín ag pósadh
daoine go rúnda –
uaireanta ist’oíche, ag
cogarnaíl ionas nách
gcloisfeadh éinne iad.
10. Gabhadh Vailintín agus
cuireadh i bpríosúin é.
Dúirt Claudius go
mbeadh air Vailintín a
chur chun báis toisc
gur bhris sé an dlí.
11. Nuair a chuala daoine
cad a tharla do
Vailintín bhíodar an-
bhrónach. Chaith
daoine bláthanna agus
nótaí suas chuig a
fhuinneog sa phríosún.
12. Bhí iníon ag duine des na
gárdaí sa phríosún. Lig sé
di cuairt a thabhairt ar
Vailintín. Bheadh í féin
agus Vailintín ag caint
lena chéile i gcomhair i
bhfad agus d’éirigh siad
an-cháirdiúil lena chéile.
13. Ar an lá a fuair Vailintín
bás sheol sé
teachtaireacht dá cara
ag gabháil buíochais di
as ucht a cairdeas.
Shínigh sé é….
ó do
Vailintín.
Bhí sé an 14ú Feabhra.
14. Anois gach bliain ar an 14ú
Feabhra seolann daoine
cártaí Vailintín chuig
daoine a bhfuil cion acu
orthu. Uaireanta
teastaíonn ó dhaoine é seo
a dhéanamh go rúnda agus
mar sin síníonn siad an
cárta -
Ó do
Vailintín