2. Óige Naomh Pádraig
Rugadh Naomh Pádraig sa
Bhreatain Bheag in 387.
Ba Rómhánaigh iad a
mhuintir. Bhí sé ina chónaí
i dteach breá faoin tuath.
Gabhadh é agus tugadh go
hÉirinn é.
Díoladh é le feirmeoir as
Co. Aontroma darbh ainm
Miolchú. Bhí Pádraig mar
sclábhaí aige.
3. Éalú Bhí Pádraig ag tabhairt aire
do chaora ar Shliabh Mis.
Níor tugadh aire mhaith dó
féin. Bhíodh sé ag guí agus
ag rá a phaidreacha gach
oíche.
Oíche amháin chuala sé
glór. Dia a bhí ann. Dúirt
Dia leis éalú. Cheap sé gur
ag brionglóid a bhí sé, ach
dúirt Dia nach raibh.
4. Sa bhaile arís Chuaigh sé ar bord loinge ar
ais go dtí an Bhreatain Bheag.
Ní raibh sé i bhfad ann nuair a
chuala sé an glór arís. Dúirt
Dia leis dul ar ais go hÉirinn
chun insint do na hÉireannaigh
faoi Dhia.
Shocraigh sé bheith ina
shagart, agus dul go hÉirinn
chun múineadh do na daoine sin
faoi Dhia.
Níorbh éasca é a dhéanamh.
Bhí air dul go Mainistir St
Martin de Torres, sa Fhrainc,
chun staidéar. Ansin chuaigh
sé ar ais go Sasana.
5. Ag seanmóireacht in Éirinn
Nuair a chuaigh Pádraig ar ais
go hÉirinn, bhí ionadh mór ar
gach duine go raibh Gaeilge
aige.
D’úsáid sé seamróg chun míniú
do dhaoine faoin faoin
Tríonóid Naofa – an tAthair,
an Mac agus an Spiorad
Naomh.
Deirtear freisin gur chuir sé
an ruaig ar an nathracha go
léir, agus sin an fáth nach
bhfuil nathracha in Éirinn.
6. A shaol níos déanaí
• Chaith Naomh Pádraig
seasca bliain in Éirinn.
San am sin d’oirnigh sé
350 Easpag chun leanúint
leis an obair.
• Fuair sé bás ar an 17
Márta, sa bhliain 493, i
Sabhall i gCo. an Dúin.
• Tá sé curtha i nDún
Pádraig, atá i gCo. an Dúin
freisin.
7. Lá Fhéile Pádraig
Déantar Lá Fhéile Pádraig
a cheiliúradh ar an 17
Márta. Lá mór féile agus
spraoi é ar fud an
domhain.
Bíonn paráidí agus cóisirí
ag go leor daoine – go
háirithe daoine de
bhunadh na hÉireann iad-
i gcuimhne ar Naomh
Pádraig agus a dtír
dhúchais nó tír a sinsear.