2. Torthaí Foghlama
Ag deireadh na ceardlainne, beidh tuiscint níos fearr agat ar:
• Roinnt gnéithe teicniúla, ábharthacha a bhaineann le scil
na scríbhneoireachta , e.g. seánraí, cineálacha
scríbhneoireachta, cineálacha leagan amach, srl.
• An gcur chuige ceithre-chéim is coitianta a mholann
teangeolaithe maidir le cothú scil na scríbhneoireachta.
• Réimse straitéisí cruthaitheacha don seomra ranga
Gaeilge a chothaíonn scil na scríbhneoireachta.
• Bhealaí éifeachtacha le hobair scríofa na scoláirí a cheartú
3. Sealbhú Teanga: An Próiseas Foghlama
Éisteacht
Tuiscint
Aithris
Labhairt
Léamh
Scríobh
4. • Smaointe
• Stór focal
• Litriú
• Foghraíocht
• Nathanna (feidhmeanna teanga)
• Cruinneas
• Eolas
• Struchtúr / leagan amach
• Stíl
Cad iad na dúshláin a bhaineann
leis an scríbhneoireacht?
6. Seánraí
Is téarma solúbtha an téarma ‘seánra’ (catagóir)
Seánra
Liteartha Seánra
Neamhliteartha
e.g. úrscéal, gearrscéal, ficsean
(le fosheánraí), neamhfhicsean
(le fosheánraí), srl.
Aidhm: le sult agus pléisiúr a
chur ar fáil
e.g. nuachtán, iris, litir, blag,
srl.
Aidhm: chun eolas a
thabhairt
11. Ceithre Chéim sa Phróiseas
Scríbhneoireachta
Aithnítear 4 chéim a bhaineann leis na cineálacha
éagsúla scríbhneoireachta agus leis an leagan amach
a úsáidtear:
1. Cumasú
2. Sampla –aithris
3. Comhscríbhneoireacht
4. Scríbhneoireacht neamhspleách
Scaffolding Language, Scaffolding Learning
le Pauline Gibbons
12. Céim 1: Cumasú
Leagtar béim ar eolas a bhailiú faoin ábhar,
agus ar an teanga a bheidh ag teastáil sa
scríbhneoireacht.
Úsáidtear tascanna réamhscríbhneoireachta
chun na scoláirí a chumasú –
gníomhaíochtaí labhartha, éisteachta,
léitheoireachta, taighde, glacadh nótaí srl.
13. Céim 2: Sampla-aithris
Déantar forbairt ar an eolas agus ar an
teanga a bailíodh i gcéim 1 agus leagtar
béim ar aidhm agus ar struchtúr an phíosa
scríbhneoireachta trí dhea-shamplaí a
roinnt leo.
14. Céim 3: Comhscríbhneoireacht
Leagtar béim ar an múinteoir ag tacú leis an scoláire sa
phróiseas scríbhneoireachta.
Bailíonn an múinteoir moltaí agus tuairimí na scoláirí ar
an gclár bán. Cumann na scoláirí píosa
scríbhneoireachta le treoir agus le spreagadh ón
múinteoir. Tá béim ar an bpróiseas scríbhneoireachta.
“the joint construction stage is
teacher-guided, it should not be
seen as teacher
dominated” (Pauline Gibbons)
15. Céim 4: Scríbhneoireacht
Neamhspleách
Scríobhann na scoláirí a dtéacs féin – ina n-aonair
nó i mbeirteanna.
Leagtar béim ar: céad dréacht a scríobh, féin-
eagarthóireacht, aiseolas ón múinteoir,
athdhréachtú, an dréacht deireanach.
Go dtí seo leagadh béim ar scafallú chun
tacú leis na scoláirí téacs a scríobh. Dá
bhrí sin ba chóir go mbeadh na scileanna
agus an fhéinmhuinín acu chun tabhairt
faoin gcineál seo scríbhneoireachta as a
stuaim féin.
17. Is fiú go mór béim a chur ar na céimeanna
réamhscríbhneoireachta agus ar an
athdhréachtú in ionad obair na scoláirí a
cheartú/aiseolas a thabhairt ag an
deireadh ar fad.
“Simply correcting the spelling of a poor
piece of writing results in a correctly
spelled poor piece of writing – the piece of
writing itself is not substantially
improved.” (Gibbons)
18. “Nuair a cheartaíonn múinteoirí earráidí an
léann na daltaí na ceartúcháin?
An ndéanann siad aon mhachnamh
orthu?”
(Walsh)
19. Cineálacha Earráidí
1. Earráidí Deilbhíochta
Gramadach m.sh. Briathra, ainmfhocail,
aidiachtaí srl.
2. Earráidí Séimeantaice
Friotal agus foclóir nach bhfuil oiriúnach nó
ceart don gcomhthéacs
3. Earráidí Comhréireacha
Struchtúr abairte, ord na bhfocal srl.
20. Cineálacha Aiseolais
• Aiseolas Díreach
– Go scríobhtar an rud ceart in aice leis an
earráid.
• Aiseolas Indíreach
– Go gcuirtear in iúl go bhfuil earráid déanta ach
fágtar faoin scoláire an earráid a aithint agus
a cheartú.
21. Aiseolas Díreach
• Taitníonn sé le scoláirí
• Éasca agus tapaidh
• Sampla ceart tugtha ag an múinteoir
• Cabhrach don Athdhréachtú
• Baol ann nach dtuigfidh an scoláire cén
fáth go raibh sé mí-cheart agus gach
seans go ndéanfar an earráid chéanna
arís
22. Aiseolas Indíreach
• Is féidir leis an múinteoir líne a chur faoin earráid
• Moltar líne a chur faoin earráid móide cód/cur
síos. (ba chóir go dtuigfeadh gach scoláire an
cód)
• Tá seans níos fearr go rachaidh an scoláire i
ngleic leis an earráid a rinneadh má bhíonn orthu
an fhoirm cheart a aimsiú iad féin.
• Tá seans níos fearr ann go mbeidh caighdeán
níos fearr ar an gcéad iarracht cheapadóireachta
eile.
23. Cód Ginearálta Samplach
• Gr = Gramadach
• L = Litriú
• Str. = Struchtúr abairte
• F = Focal nach bhfuil ceart/oiriúnach
• T+ = Tuairim a fhorbairt
24. Litriú agus Cruinneas
- Cad atá le déanamh?
• Pleanáil
• Liosta a chur le chéile d’earráidí coitianta
• Briathra i gcomhthéacs
• Eochairfhocail don topaic
• Eiseamláirí a mhúineadh i.e. neart samplaí d’abairtí
gramadaí cruinne ionas go dtiocfaidh na scoláirí isteach
ar an riail.
• Abairtí cruinne agus nathanna a chur de
ghlanmheabhair.
• Cinntiú go bhfuil foclóir acu don ghramadach – i
gcomhar le múinteoirí teanga eile
25. Torthaí Foghlama:
An bhfuil tuiscint níos fearr agat anois ar:
• Roinnt gnéithe teicniúla, ábharthacha a bhaineann le scil
na scríbhneoireachta , e.g. seánraí, cineálacha
scríbhneoireachta, cineálacha leagan amach, srl.
• An gcur chuige ceithre-chéim is coitianta a mholann
teangeolaithe maidir le cothú scil na scríbhneoireachta.
• Réimse straitéisí cruthaitheacha don seomra ranga
Gaeilge a chothaíonn scil na scríbhneoireachta.
• Bhealaí éifeachtacha le hobair scríofa na scoláirí a
cheartú